(via Máire Uí Mhaicín)
Tógadh Dairena Ní Chinnéid i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, agus tá sí ina maireachtaint ann fós.
Roimh a ghairm mar scríbhneoir, d’oibrigh sí mar iarchraoltóir agus iriseoir, mar aistritheoir ag Parlaimint na hEorpa agus mar stiúirtheoir ar comhlacht scannánaíochta, Smerbhic Teo.D’fhág sí saol na hiriseoireachta, as go mhothaigh sí nach raibh aon áit ann le bheith cruthaitheach,de réir agallamh a rinne sí le Catherine Foley siar i 2006. Ó shin, agus tar éis ceardlann scríbhneoireachta a dhéanamh sa Daingean; tá níos mó cáil uirthi anois as a ceard mar scríbhneoir, file agus aistritheoir. I measc na nithe atá foilsithe aici tá cnuasacha filíochta, gearrscéalta, scéalta mearrfhicsean, drámaí agus aistriúchán atá déanta aici ar a scríbhneoireacht féin.
Fógraíodh í mar an Scríbhneoir Gaeilge Cónaithe de chuid DCU don bhliain 2017-18. D’fhreastal sí féin ar DCU, agus bhain sí céim amach i Staidéar Cumarsáide. Ina dhiadh sin bhog sí ar aghaidh go OÉ Gaillimh áit a ghnóthaigh sí Árd- Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin. Tá taithí aici a bheith ar stáitse timpeall ann domhain, ó féile IMRAM agus an Picnic Leictreach, go American University i Washington agus an Centre Culturel Irlandais i bPáras. Chaith sí tréimhse comh maith, ag léachtóireacht ar an bhFilíocht agus Aisitriúchán Litríochta ag an AU i Washington. Cuireann sí ceardlanna scríbhneoireachta ar fáil do pháistí ó aoiseanna 10-18, as Béarla agus as Gaeilge.
Cuid dá saothar ná:
- An Trodaí agus dánta eile
- Fé Gheasa: Spellbound
- Cloithear: Aistear Anamna
- Máthair an Fhiaigh
- Bleachtaire na Seirce
- Mórán eile foilsithe in irisleabhar Comhar, Irish Times