Áine Ní Ghlinn

https://i.pinimg.com/originals/d0/ef/53/d0ef5323072087f3eadbb65544ea3046.jpg

 

Tógadh Áine Ní Ghlinn i dTiobraid Árainn, rugadh í i 1955. Bhain sí chéim amach i Coláiste Ollscoil Baile Átha Cliath, agus í ag déanamh staidéar ar an mBéarla agus ar an nGaeilge. D’fhreastal sí ar Scoil na hIriseoireachta Londain agus ar Ollscoil Lancaster, áit bhain sí chéim amach i Scríbhneoireacht Cruthaitheach.

 

Chaith sí tréimhse idir an chéad agus an dara céim, mar mhúinteoir meánscoile. D’éirigh sí as an mhúínteoireacht chun imeacht i mbun oibre le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta, mar iriseoir i measc cúrsaí reatha agus na healaíona. Chaith sí am mar Léachtóir mar chuid de FIONTAR in Ollscoil Cathar Átha Cliath. Ó shin is scríbhneoir í go lán aimsire.

 

Tá 28 leabhar scríte aici, cuid dóibh mar chnuasaigh filíochta, agus an cuid eile dóibh mar leabhair de pháistí agus daoine óga. Tá cuid scripteanna scríbhte aici do Ros na Rún agus drámaí comh maith. Bíonn sí fós ag plé leis an scríbhneoireacht cruthaitheach; tugann sí ranganna agus ceardlanna, do dhaltaí i meánscoileanna lán-Ghaelach don chuid is mó.

 

Tá a leabhar Daideo tar éis mórán duaiseanna a bhuachaint, ina measc Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana, Gradam Ficsin Leabhair Pháistí Éireann agus Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann, agus duais Ibby buaite ag Brionglóidí. Bhuaigh an leabhar Hata Zú Mhamó an Gradam Réics Carló comh maith agus tá mórán de duaiseanna eile buaite aici agus ag a leabhair idir Féile an Oireachtas agus gradaim eile.

 

Seo iad thíos cuid dá saothair

  • An Chéim Bhriste
  • Gairdín Pharthais
  • Deora Nár Caoineadh/Unshed Tears
  • Tostanna
  • Fuadach
  • Tromluí
  • Cuairteoir
  • Úbalonga
  • Daideo
  • An Guth Baineann