An Tionscadal – rLeabhar
€7.50
Description
Nuair a bhaineann Daithí Ó Gallchóir sráidbhaile iargúlta na Catalóine amach, níl aon súil aige leis an bpobal neamhchoitianta atá ina gcónaí ann. Ná leis an rún is cúis leis an neamhchoitiantacht seo.
Céard é an rún seo atá caomhnaithe ag an bpobal óna shinsir i leith? An mbeidh scil bleachtaireachta Daithí in ann é a aimsiú? Agus má aimsíonn, nach mór an spéis a bheadh ag a chomhlacht in earra a d’fhéadfadh tús a chur le réabhlóid úr i saol an chine dhaonna?
Úrscéal neamhghnách eile ó údar nach drogall leis tabhairt faoi cheisteanna móra na linne.
Bronnadh an chéad duais ar an saothar i gcomórtas na n-úrscéal liteartha in Oireachtas 2006.
‘Ta úire agus indibhidiúlacht ann’, a dúirt moltóir amháin. ‘Téann an t-údar i ngleic le cuid mhór téamaí nach gnáth a ionsaí i litríocht na Gaeilge.’ ‘Éiríonn leis an údar garraí gabhainn an réalachais a réabadh trí ghníomh ollchumadóireachta nó meitificsean a chruthú agus a sheoladh go séimh faoin léitheoir’, dar le moltóir eile. ‘Is úrscéal suntasach tábhachtach é seo a chuirfidh cor sa gcumadóireacht liteartha Ghaeilge…’
File agus úrscéalaí aitheanta is ea Tomás Mac Síomóin (B.Á.C, 1938). Dochtúireacht ó Ollscoil Cornell, (S.A.M.) aige, tréimhsí caite aige mar thaighdeoir eolaíochta, léachtóir ollscoile, iriseoir, mar eagarthóir ar Anois is ar Comhar is mar aistritheoir liteartha. Cónaíonn agus saothraíonn sé sa gCatalóin. (http://sites.google.com/site/tomasmacsiomoin/)
Be the first to review “An Tionscadal – rLeabhar” Cancel reply
Related products
-

Lilí Frainc r-Leabhar
€5.78 Cuir sa Chairt -

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (Alice in Wonderland) r-leabhar
€8.54 Cuir sa Chairt -

Idir dhá Lios r-Leabhar
€3.96 Cuir sa Chairt -

Seanachas Phatsy Chit 1 – (r-Leabhar)
€8.00 Cuir sa Chairt -

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi (Alice through the looking glass) r-Leabhar
€8.54 Cuir sa Chairt -

Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá r-Leabhar
LÉIGH NÍOS MÓ
Reviews
There are no reviews yet.