An Leabhar Craicinn: Scéalta earótacha
€11.95
Description
Panu Petteri Höglund
Evertype 2013
ISBN 9781782010272
Lth/Pgs 138
Deirtear go bhfuil litríocht na Gaeilge seachantach i leith cúrsaí craicinn agus nach maith lenár gcuid scríbhneoirí lomchuntas a thabhairt ar an ngrá collaí. Chuaigh Panu Petteri Höglund i mbun pinn leis na líomhaintí seo a bhréagnú scun scan, agus seo é an toradh: ceithre scéal earótacha i nGaeilge shaibhir nádúrtha agus iad suite i saol an lae inniu.
Gormfhlaith: Bhí sí doirte don fhear lách áirithe sin le dhá bhliain anuas agus an chuma ag teacht ar an scéal nach bhfaigheadh sí óna misneach oiread is focal a labhairt leis choíche. Ní mar a shíltear a bhítear áfach.
An Ríomhghrá: Is minic a chastar daoine ar a chéile ar an Idirlíon, agus uaireanta bíonn cleamhnas ann. Cleamhnas rathúil, fiú…
Sadhbh: An cailín cúthail í an t-ábhar óg leabharlannaí i ndáiríre?
Caitríona: Cé acu is fearr léi, grá nó cóisir chraicinn?
Scríbhneoir agus teangeolaí ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund agus é meáite ar litríocht éadrom a sholáthar do lucht na Gaeilge. Rinne se dianstaidéar ar litríocht agus ar bhéaloideas na nGaeltachtaí go léir leis na héilimh is airde a shásamh ó thaobh fheabhas na teanga agus na stíle. Tháinig altanna leis i gcló ar “Ghaelscéal”, chomh maith le scéalta ar “An Gael” sna Stáit Aontaithe. Seo an tríú leabhar leis a d’fhoilsigh Evertype.
Four erotic stories by Panu Petteri Höglund, with illustrations by Mathew Staunton
Additional information
| Weight | 0.300 kg |
|---|
Related products
-

I dtír mhilis na mbeo.
€10.00 Cuir sa Chairt -

Comhar Márta 2017
€4.00 Cuir sa Chairt -

Dónall Ó Conaill Fuascailteoir
€4.99 Cuir sa Chairt -

Scread Asail
€8.40 Cuir sa Chairt -

Douglas Hyde: the Professor of Irish who became President of Ireland
€15.00 Cuir sa Chairt -

Curaigh na hÉireann a stair agus a scéal
€15.00 Cuir sa Chairt
Reviews
There are no reviews yet.