Sé an Saol an Máistir

25.00

Sé an Saol an Máistir
Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha
In Eagar ag
Gearóid Denvir
ISBN: 9781905560653
Cló Iar-Chonnacht 2010
Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair. Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd. Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh ar an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.
Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar.  Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.

October 1999 saw the death of the poet Learaí Phádraic Learaí Ó Fínneadha, from an Lochán Beag in Cois Fharraige originally, but who had moved closer to Galway city, to Bearna, when he married.  Now, more than ten years on, this book, Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha, edited by Gearóid Denvir, encompasses Learaí’s entire poetic work.
Learaí’s public poetry deals with a wide variety of themes: such matters as a controversial housing development in Bearna, local and national politics, and the occasional scandal; but he also had a more introspective side: matters spiritual and religious meant a great deal to him, and these private and more personal poems are infused with a very tangible sense of place and history.
The collection has been edited by Gearóid Denvir.  Explanatory notes accompany each poem, and a large critical essay is appended, which sits Learaí’s poetry in a larger context concerning oral poetry and culture globally, comparing it to similar traditions in South Africa and South America for example.

Méid

Weight 0.999 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Sé an Saol an Máistir”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr