Sa Bhearna Bhaoil : Gaillimh 1913 1923

20,00

Cormac Ó Comhraí

Cló Iar-Chonnacht 2015

ISBN 9781784441197

Lth/Pgs 412

Tréimhse chorraitheach shuaite ba ea na deich mbliana idir 1913 agus 1923 do mhuintir na Gaillimhe, idir chathair agus chontae. Tháinig athrú ó bhonn ar shaol polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta an réigiúin agus cuireadh todhchaí an iarthair ar mhalairt treo. Tháinig meath ar an bPáirtí Rialtas Dúchais, an príomhpháirtí náisiúnach sa tír agus forás dá réir ar Shinn Féin – agus ar an IRA. Lean Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Sa leabhar seo, cíortar an chaoi a ndeachaigh na mórathruithe seo i bhfeidhm ar Ghaillimh: an glacadh a bhí leo, an dream a thacaigh leo agus iad siúd a chuir ina n-aghaidh. Tugtar cuntas ar na léirsithe agus an scliúchas a bhain leis an bhfeachtas frithearcaíochta le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Scrúdaítear Éirí Amach na Cásca i nGaillimh agus ról Liam Uí Mhaoilíosa ann. Déantar cur síos cuimsitheach ar Chogadh na Saoirse agus ar an gCogadh Cathartha, agus cuirtear príomheachtraí agus príomhcharachtair na coimhlinte ar gach aon taobh inár láthair. Tá an t-údar tar éis tarraingt ar réimse leathan foinsí, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, i leabharlanna agus in aircíví abhus agus thar lear agus tá comaoin faoi leith curtha aige orainn as an ngné rí-thábhachtach seo de scéal na hÉireann a chur os ár gcomhair.

The ten years between 1913 and 1923 were eventful and changing times for the people of Galway, both in the city and county. The political, economic and social life of the region changed forever and set the future of the west on a different course. This book gives an insight into how the events that were happening at a national level had an impact at the local level in Galway city and county. Ó Comhraí draws on a wide range of sources and original archival documents to give an in-depth account of this integral part of the story of Ireland.

Méid

Weight 0,750 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Sa Bhearna Bhaoil : Gaillimh 1913 1923”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr