Agus rud eile de le CD

11.57

Agus rud eile de  le CD
and another thing
Louis de Paor
ISBN: 9781905560547
Cló Iar-Chonnachta 2010
104 lth.
Dátheangach / Bilingual
Cleamhnas is ea an leabhar seo idir filíocht, col agus ealaín. An fear tá ag labhairt linn sna dánta, tá sé ar thairseach na meánaoise. Tá na mairbh ina seasamh laistiar de á bhrostú chun cinn is ag ciorrú an bhóthair leis. Nuair a fhéachann sé ar na leanaí gealgháireacha ina thimpeall, is ait leis ná braitheann siad na scáileanna atá ag bagairt orthu ar gach taobh. Agus fós, ní féidir an dóchas a shileann isteach tré pholl beag sa chroí a bhac…..
I lár an leabhair istigh tá pictiúirí le Kathleen Furey, a léiríonn an tslí go dtréigeann dathanna an tsaoil orainn treis bhás duine muintir, ach ar a shon san, dár mbuíochas ar uairibh, go dtosnaíonn dóchas flannbhuí agus glasuaine ag sileadh isteach sna pictiúirí mar a shileann siad isteach I gcroí an duine, leis, treis a chuid bróin.
Is maisiú breise ar an leabhar and ceol cumasach atá curtha ag an máistirphíobaire Ronan Browne le cuid de an dánta, ceol atá borb, brúidiúil, leochaileach, soghonta, cúthaileach, crosta, díreach ar nós an ndánta féin…
Agus rud eile de / and another thing is a collaboration between three artists working in three different mediums. Kathleen Furey’s images of loss and separation and Ronan Browne’s musical settings provide a counterpoint to Louis de Paor’s poems which struggle constantly towards light and redemption.

Méid

Weight 0.275 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Agus rud eile de le CD”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr