Tá Gaeilge Agam 3 (Pack)

29.50

Ruaidhrí Ó Báille

CJ Fallons 2019

ISBN 9780714426730

Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 3 gach gné de chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe.

Snáithe 1: Cumas Cumarsáide

  • Na Bunchlocha – Sna Bunchlocha, leagtar síos bunsraith na foghlama agus múintear an teanga atá riachtanach chun plé le hábhar agus le topaicí an aonaid.
  • An Taifead Pearsanta – Insíonn na daltaí ‘a scéal féin’ sa Taifead Pearsanta trí úsáid a bhaint as na Bunchlocha. Coinníonn siad an ‘taifead’ seo agus is féidir leo filleadh air arís agus arís eile agus iad i mbun tascanna ranga, tionscnamh agus cur i láthair.
  • Seo Linn! – Sa roinn seo, forbraíonn na daltaí a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus labhartha ar bhealach cumarsáideach idirghníomhach.
  • Éistimis! – Sa roinn seo, cuireann na daltaí lena scileanna cluastuisceana, lena ngabhchumas teanga agus lena dtuiscint ar an teanga labhartha agus ar chanúintí na Gaeilge.

Snáithe 2: Feasacht Teanga agus Chultúrtha

  • Cúinne na Gramadaí – San aonad seo, déanann na daltaí iniúchadh ó thaobh na gramadaí ar na struchtúir nua atá foghlamtha acu. Tugtar an cleachtadh cuí dóibh chun na struchtúir a shealbhú.
  • Cúinne an Chultúir – Déantar nasc idir ábhar an aonaid agus gné de chultúr na Gaeilge sa roinn seo.
  • Cúinne na Filíochta – Cuirtear dán nó amhrán ón liosta ainmnithe faoi bhráid na ndaltaí sa roinn seo.

Snáithe 3: Féinfheasacht an Fhoghlaimeora

  • An Punann: Féinmheasúnú agus Logaí Foghlama – Scrúdóidh na daltaí a gcuid foghlama féin sa roinn seo. Déanfaidh siad machnamh faoi threoir ar an dul chun cinn atá déanta acu go dáta. Ar an mbealach seo beidh siad in ann a gcuid aidhmeanna pearsanta foghlama a leagan amach.
  • Súil Siar ar Obair na Chéad Bhliana – Sa réamhaonad seo caitear súil siar ar na topaicí bunúsacha a chlúdaítear sa bhunscoil agus sa chéad bhliain iarbhunscoile (Mé FéinMo TheaghlachMo ScoilMo Chuid Caitheamh Aimsire srl.). Topaicí iad seo atá riachtanach do na tascanna ranga agus do na tionscnaimh agus na cuir i láthair a dhéanfaidh na daltaí mar chuid den Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB 1) agus den Tasc Cumarsáideach (MRB2) sa tríú bliain.

Litríocht
Pléitear dhá dhrámatrí ghearrscéal agus seacht ndán ón liosta ainmnithe sa leabhar. Tá gearrscéal breise ar líne. Tá foclóir comhthreomhar taobh leis an téacs d’fhonn cuidiú leis na daltaí gach saothar a léamh ar a gcompord. Is ar ‘fhreagairt phearsanta/chumarsáideach’ a chuirtear an bhéim. Tugtar struchtúir theanga do na daltaí a chuirfidh ar a gcumas a dtuiscint agus a léamh pearsanta féin ar na saothair litríochta a chur in iúl go muiníneach cumarsáideach. Tugtar cuireadh dóibh ‘léirmheas sciobtha’ a thabhairt ar an saothar tar éis dóibh é a léamh. Ansin, cuirtear ‘cíoradh liteartha’ ar fáil dóibh a phléann na teicnící liteartha a mbaineann an t-údar nó an file úsáid astu. Ar deireadh thiar, iarrtar ar na daltaí a ‘mbreith’ phearsanta féin a thabhairt ar an saothar le cabhair ó na struchtúir thuasluaite agus ón gcíoradh liteartha. De bhreis air seo déantar freastal ar an úrscéalaíocht sna nótaí agus san fhoclóir cuimsitheach a chuirtear ar fáil don sár-úrscéal Daideo le Áine Ní Ghlinn.

Filíocht

  • ‘An Mhaighdean Mhara’
  • ‘Stadeolaíocht’
  • ‘Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir’
  • ‘An Ghealach’
  • ‘Sámhchodladh’
  • ‘Deireadh na Seachtaine’
  • ‘Deochadh Dorais’

Drámaíocht

  • Gleann Álainn
  • Na Deoraithe

Gearrscéalaíocht

  • ‘Katfish’
  • ‘Spás’
  • ‘An Cluiche Mór’
  • ‘Quick Pick’

Úrscéalaíocht

  • Daideo

Junior Cycle – Irish / Gaeilge Pack of 3 book

Méid

Weight 2.0 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Tá Gaeilge Agam 3 (Pack)”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr