Eachtra
Déirdre Ní Grianna
Coiscéim 2005
Ar chuala Cornelius i gceart é? Ar labhair Dodo? Seo é tús an chlaochlaithe i saol Cornelius Mhic Aodha Bhuí, múinteoir stair i Scoil Chuimsitheach Naomh Scoithín, Uisce an Bhogaigh. Ach ní hé saol Cornelius amháin a iompaítear bun os cionn.
Caith isteach sa chumasc Meredith Purcell, gníomhaí faisnéise uaillmhianach de chuid OTÉ nach eol di neart a paisin féin agus an Cigire Bleachtaireachta Hazelett, biogóid déanta, atá dearfa cinnte de gurb é Plunkett O’Shea – cuntasóir measúil, pósta ar Meta, ag luí le Kelly Marie – ceann feadhna an IRA. Déan iad a chócaráil le Dodo is Maniel is a bhlaistiú le Sir Jay, Slyvia, Sly, Caisleán Charraig Fhearghasa agus na cainteanna rúnda ba thús leis an Phróiseas Síochána agus is é an toradh ná EACHTRA den chineál is eachtrúla
Reviews
There are no reviews yet.