Clár Luathléitheoireachta Banda 3

130,00

Clár Luathleitheoireachta Banda 3. (A, b & c)
Grúpa Luathléitheoireachta an Áisaonaid
An tÁisaonad 2015

Tá 60 leabhar i mBanda 3, agus rinneadh trí chuid de, 3(a), 3(b) agus 3(c), mar a rinneadh sa dá Bhanda roimhe seo. Tá trí go cúig líne téacs sna leabhair in 3(a). Faoi 3(c) tá níos mó téacs ann, cúig nó sé líne. Tá líon focal le feiceáil sna nótaí, rud a chuideoidh le measúnú. Tá suas le 150 focal i mBanda 3(a), tá idir 150 agus 170 focali mBanda 3(b) agus tá idir 170 agus 200 focal I mBanda 3(c). Tá cúpla leabhar i mBanda 3(c) a théann thar 200 focal ach is leabhair iad ina bhfuil cuid mhór athrá. Tá struchtúr scéil ann ina bhfuil tús, lár agus deireadh go minic nó leabhair eolais nach bhfuil athrá iontu an oiread céanna maidir le habairtí. Tá na leabhair seo níos deacra a thuar agus caithfidh an léitheoir na scileanna éagsúla léitheoireachta a úsáid lena léamh. Sin ráite, tán na focail ar fad a clúdaíodh i mBanda 1 agus 2 athráite iontu i gcomhthéacsanna éagsúla agus tá na focail chéanna athráite trí Bhanda 3 leis an fhoclóir radhairc a dhaingniú.

Spriocfhocail Bhanda 3

An rud is suntasaí faoi Bhanda 3 ná go bhfuil dhá  spriocfhocal le gach leabhar. Tá gach spriocfhocal a bhí i mBanda 2 mar spriocfhocal arís lena  dhaingniú mar fhocal radhairc. Chomh maith  leis sin, roghnaíodh na focail suime is coitianta ó  Bhanda 1 agus 2 mar spriocfhocail i mBanda 3. Is focail iad seo a thagann aníos go minic agus  measadh gur chóir go mbeadh siad mar fhocail radhairc ag na páistí faoin leibhéal seo.

Trialacha agus Leibhéal Teanga  Bhanda 3

Bhí sé tábhachtach leabhair Bhanda 3 a thriail  i ranganna a raibh Bandaí 1 agus 2 clúdaithe  acu. D’fhág sin go raibh scileanna ag na páistí  sin a dtiocfadh linn tógáil orthu. Tá scoileanna  ina bhfuil an clár seo in úsáid ag rá go bhfuil  caighdeán na léitheoireachta ag ardú mar gheall  ar úsáid an chláir seo agus mar sin, caithfear an  caighdeán ceart a aimsiú leis na scileanna sin a  dhaingniú chomh maith lena bhforbairt.

Pictiúir

Tá na pictiúir i mBanda 3 ag teacht leis na focail  suime go fóill ach tá rudaí eile iontu chomh  maith. Arís, caithfidh an léitheoir na scileanna  eile léitheoireachta a úsáid chomh maith le  pictiúrleid. Tá pictiúir Bhanda 3 ag leibhéal níos  airde ná Banda 2 sa mhéid is go bhfuil siad ag  teacht le scéal agus go bhfuil níos mó le feiceáil  agus le plé iontu. Tá níos mó mionsonraí sna  grianghraif sna leabhair neamhfhicsin.

Méid

Weight 3,0 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Clár Luathléitheoireachta Banda 3”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr