Le Eithne Ní Ghallchobhair,
ISBN 9781851323265,
Lth/144,
Ceapadh gur imigh an cumas cruthaitheachta as an bhFiannaíocht uair éigin sa naoú haois déag. Is é sin nach mbeadh inti feasta ach aithris. Ní raibh a fhios ag an traidisiún go mbeadh Eithne Ní Ghallchobair ann. Is fada cáil uirthi mar scéalaí agus mar fhile ach annamh a nasctar iad mar a dhéantar anseo. Is laoithe Fiannaíochta ina steille bheatha gach a bhfuil sa saothar fileata scéalaíochta seo, laoithe arb iad an dúchas fairsing is damhna dóibh, ach a bhfuil feisteas úrnua, culaith éadaigh de fhriotal líofa ár linne curtha go binn orthu. Is ea, tá Fionn anseo, agus Conán Maol agus Goll Mac Morna, agus Niamh agus Oisín, fara cailleacha gránna, ríhe a thuigeann gur ríthe iad, féastaí agus fleánna, turasanna farraige, bainiseacha buile, geasa gan dealramh, trealamh uile na Fiannaíochta (chomh maith le greann agus le bligeardaíocht) ach ní mar a bhítear mar a shíltear. Níor nós leis an traidisiún intinn Oisín a scagadh ná meon Niamh a nochtadh. Má bhí siad sean tráth, tá siad thar a bheith nua-aimseartha anseo. Thar aon rud eile, áfach, tá na laoithe seo scríofa ar chuma réidh sheolta ionas go samhlaímid go bhfuiltear á n-aithris os ard ag file scéalaí. Agus tá. Eithne Ní Ghallchobhair an duine sin.
It was thought that the creativity disappeared from the Fiannaíocht sometime in the nineteenth century. That is, it would no longer be just an imitation. Tradition did not know that Eithne Ní Gallchobair would exist. She has long been known as a storyteller and a poet, but they are rarely connected as they are here.
Reviews
There are no reviews yet.