Le Seán Mac Labhraí
Cló Iar chonnachta 2022
ISBN 9781909367647
‘Is í an litríocht anam na teanga,’ a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh.
Tá na mór-údair ann – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais – agus údair nach bhfuil an aithne chéanna orthu, b’fhéidir – Peigí Rose, Fionntán de Brún, Annraoi Ó Liatháin.
Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.
Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticiúil leis na nótaí cuimsitheacha atá curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.
Gearrscéalta sa Leabhar:
- An Beo – Liam Ó Flaithearta
- Dúil – Liam Ó Flaithearta
- An Cumann – Peigí Rose
- Ná hInis Brionglóidí na hAoine don tSatharn Choíche – Peigí Rose
- Nóra Mharcais Bhig – Pádraic Ó Conaire
- Anam an Easpaig – Pádraic Ó Conaire
- An Gadaí – Páraig Mac Piarais
- Athair – Micheál Ó Conghaile
- Codladh an Mháistir – Seosamh Mac Grianna
- Mánus Ó Súileachán – Séamus Ó Grianna
- Na Déithe Bréige – Fiontán de Brú
- An Rud nach mBíonn Agam – Annraoi Ó Liatháin
‘Literature is the soul of the language,’ wrote Seosamh Mac Grianna, and this book contains twelve of the most inspiring and vibrant short stories ever written in Irish.
Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Reviews
There are no reviews yet.