Ó Chósta go Cósta

15.00

Ó Chósta go Cósta
Frank Reidy
ISBN: 9781905560400
Cló Iar-Chonnachta 2009
157 lth.
Sa mbliain 1994 cuireadh an Ceannfort airm Frank Reidy go dtí oirthear na hAfraice.  Bhí sé ina bhall de mhór-iarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.  Sa leabhar seo tugann an t-údar cuairt an athuair ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta,  Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus anró gan stad gan staonadh.
Seolann an t-údar i ndabha timpeall chósta thoir na Céinia, tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre.  Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara.  Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe.  Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.
In 1994 the army officer, Frank Reidy was sent to eastern Africa to assist the United Nations effort that was assembled to deal with the humanitarian crisis caused by genocide in Rwanda. In this book the author returns to eastern Africa, hoping to see another side of the continent. Images of Africa that are not so common in Western media, often focused on stories of famine, war, political fraud, and constant hardship.
The author sails around the Kenyan coast in a traditional dhow, visits Barack Obama’s grandmother, and learns about the country’s complicated and tragic history. He goes on safari in the Maasai Mara national park. He visits Uganda to see how Irish Governmental aid has helped that country. And he returns to Rwanda to see how they are progressing in the years following genocide. This is a travel book, a history book, a source of information and a book of politics – it is a book that anyone with an interest in Africa will appreciate.

Méid

Weight 0.616 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Ó Chósta go Cósta”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr