Seacht dTír Seacht dTeanga

15.00

Le Diarmuid Johnson

Leabhar Breac 2021  320lch

ISBN 9781913814106

Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le dhá scór bliain anuas ó Inbhear Nis go Bucairist agus ó Chonamara go Vársá.

Tá blianta na Breataine Bige ann ar an seandúchas dó. Tá blianta na Briotáine ann áit a bhfuil teach agus tearmann cois coille aige. Tá blianta na Gaeltachta idir Éirinn agus Albain, blianta ar bhóithre na Polainne ag seinm ceoil, blianta léinn sa nGearmáin, blianta beaga nach iad sa Rómáin agus sa mBruiséil ar lorg na cinniúna, ag saothrú i ngort na héigse agus na healaíne, agus ag coinneáil snáithe faoin bhfiacail ó mhí go mí.

Léargas ar shaol na ndaoine i bhfad ó chroí na cumhachta – sin é an tréith is suntasaí sa leabhar fuinniúil taitneamhach seo, Seacht dTír Seacht dTeanga. Agus léargas dá réir ar dhúchas na hEorpa soir siar ar feadh a bhfuil ann. Fág an baile i do dhiaidh mar sin, cuir mála ar do dhroim, agus siúil leat san áit a gcasfaidh an bóthar thú: ní bheidh tú gan scéal le hinseacht ná gan amhrán le rá nuair a bhainfidh tú díot do dhá bhróig i ndeireadh an aistir.

Journey from Inverness to Bucharest A travel book, a book of languages, a book of songs and music, a lively and varied book about people whom the author has wandered across Europe over the past two decades from Inverness to Bucharest and from Connemara to Warsaw. The years of Wales are there for him. There are years of Brittany where it has a woodland house and sanctuary.

Méid

Weight 0.350 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Seacht dTír Seacht dTeanga”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr