Dréachta Chrích Fódla Imleabhar 2

15,00

Padraig Ó Ciobhain

Coiscéim 2019

ISBN 6660012190430

Lth/Pgs 449

• Aided Óenfir Aífe – le linn do Chú Chulainn a bheith ag foghlaim a cheirde i mbun arm in Albain d’fhág sé anbanlaoch Aífe ag iompar linbh. Ordaíonn Cú Chulainn d’Aífe a iarraidh ar an mac, Conla (Connlaoch i leaganacha níos deireanaí den sága), teacht go hUladh á iarraidh féin, gan ligint d’éinne é a chur dá chonair, gan é féin a shloinneadh (a chur in aithne) d’aon neach, gan comhlann aonfhir a dhiúltú. Nuair a shroicheann an mac (an tAonfhear i dteideal an scéil) aois a sheacht mbliana tagann go hUladh ar lorg a athar. Toirmeasc agus ár is toradh dá theacht i dtír ar Thrácht Éise atá in inbhear Abha na hIúire láimh le hIúr Chinn Trá i gCo. an Dúin. • Aidedh Fergusa – oidhe Fhergusa mhic Léti sa chaismirt dó le Sinech Loch Rudraige (Cuan Dhún Droma i gCo. an Dúin) tar éis do rí na Luchra nó na Lúchorpán (na Leipreachán), Iubdán, cuairt a thabhairt ar Eamhain Mhacha tar éis dá fhile Eisirt a chur ina luí air dul chun na n-iontas agus na bhfear mór ansan d’fheiscint.
• Compert Con Culainn – cuntas ar choimpeart (lomaistriúchán ar concipcio na Laidine) agus ar bhreith Chú Chulainn.
• Comrac Líadaine ocus Cuirithir – buaileann Líadain, óigmhnaoi de na Corca Duibhne, le Cuirithir le linn a camachuarda i dtuaisceart Chonnacht. Titid i ngrá. Tugann Líadain cuireadh ó dheas do Chuirithir. Deineann amhlaidh. Coisctear a gcaidreamh – sampla clasaiceach den sórt rómánsaíochta a léiríonn an grá toirmiscthe.
• Echtra Fergusa maic Léti – leagan níos sine agus níos gaire ná an leagan thuasluaite d’oidhe Fhergusa mhic Léti ina bhfuil an chéad tagairt do na lúchorpáin (leipreacháin) sa litríocht.
• Fled Bricrend – tugann Bricriu Nimhtheanga cuireadh do laochra na Craoibhe Rua chun fleidhe ina áitreabh ag Dún Rudraige (Dún Droma i gCo. an Dúin) mar a ngríosann sé triúr acu, Cú Chulainn, Conall Cearnach agus Laoghaire Búadach, dul i gcomórtas i dtaobh ciocu acu ba chóra an churadhmhír a bheith ina sheilbh. Buann Cú Chulainn an uile bhabhta a théid san iomaíocht, ach ní ghlacann an bheirt eile leis sin nó go réitítear an cheist i gcríochbheart an scéil.
• Mesca Ulad – ráib mheisce a thug na hUltaigh ó fhleadh i nDún Dá Benn (i gCo. Dhoire) go Teamhair Luachra (i gCo. Chiarraí) um Shamhain. Ní mór an fháilte rompu, óir tá tigh
iarainn idir fhallaí cláracha réitithe theas dóibh d’fhonn iad a loscadh ina mbeathaidh.
• Oidheadh Chloinne hUisnech – téacs ón gcúigiú haois déag a dheineann cur síos ar an marú a tharla de bharr an ghrá idir Dheirdre agus Naoise. Leagan níos faide é ná an chéad leagan den dtraigéide cáiliúil seo – an leagan is sine ar marthain, ar a dtugtar Loinges Mac n-Uislenn a cumadh sa naoú haois.
• Oidhedhréachta Laochra Uladh – dréachta a chuireann síos ar bhás na laochra Ultacha a leanas: Conchubhar mac Neasa, Laoghaire Búadach, Celtchar mac Uthechair, Fergus mac Róich agus Ceat mac Mágach.
• Orgain Denna Ríg – argain (creachadh, slad) é seo a chuireann síos ar mar ghaibh Labhraidh Loingseach ríocht Laighean thar n-ais tar éis dó a sheanuncail, Cobhthach Caol, a dhó ina bheathaidh i dtigh iarainn (eile) i nDenn Ríg (ar abhainn na Bearú i gCo. Chill Chainnigh), i dtaobh gur mhairbh Cobhthach a sheanathair agus a athair chun an ríocht a ghabháil chuige féin.
• Síaburcharpat Con Culaind – téann Naomh Pádraig go dtí Laoghaire, ardrí Éireann, d’fhonn iachall a chur air iompó chun na Críostaíochta. Deir Laoghaire ná déanfadh nó go dtógfadh an naomh Cú Chulainn ó mhairbh go raghadh dá agallamh. Deir an naomh nach dodhéanta do Dhia fiú san a dhéanamh.
• Tochmarc Étaíne – tochmharc (scéal suirí) a chuireann síos ar shaol agus ar leannáin na bruinnille fíoráilne Étaín (Éadaoin), go mórmhór a dul chun cumainn le Midir Bhrí Léith (Cnoc Ardach i gCo. Longfoirt, meastar) na dTuatha Dé Danann.
• Tochmarc Ferbe – scéal suirí ar chuairt Mhani, mac bhanríon Chonnacht, Méadhbh agus a céile Ailill, lena shlua ar Uladh d’fhonn Ferb, iníon Gheirg, a thochmharc, agus an t-ár do lean.
• Tucait Innarba na nDessi i Mumain – an tucaid (an chúis) a bhí le díbirt na nDéiseach ó Theamhair na Mí chun na Mumhan agus gach a dtarla de chionn na hionnarbtha san.

Méid

Weight 0,840 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Dréachta Chrích Fódla Imleabhar 2”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr