Ceachtanna Ón gCatalóin
Teanga i ngleic le nualiobrálachas
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2005
Tá an Chatalóinis á labhairt ag beagnach aon mhilliún déag daoine faoi láthair. Tar éis bac iomlán a bheith ar an teanga faoi dheachtóireacht Franco, tá sí in uachtar anois i gcúrsaí rialtais, oideachais agus cultúir na Catalóine.
Fós féin, tá an teanga i mbaol dar le saineolaithe teanga sa tír. Tá cumhacht na Spáinnise, inimirce mhór Spáinniseoirí agus an idé-eolaíocht nualiobrálach ag bagairt uirthi.
Sa phaimfléad seo pléitear údair imní na saineolaithe seo. Déantar cur síos gearr ach cuimsitheach ar stair agus staid reatha na Catalóinise. Tá an-chuid ábhar machnaimh do lucht an Gaeilge anseo freisin.
Reviews
There are no reviews yet.