An tÁr sa Mhainistir agus dánta eile
S. E. Ó Cearbhaill
Oifig an tSoláthair 1972
Seo an chéad chnuasach d’fhilíocht an Bhráthar Uí Chearbhaill. Tá tréithe a phearsantachta le sonrú ar na dánta – lé leis an aos óg, tírghrá, grá don Ghaeilge, daonnacht agus creideamh láidir. Tá bua an ghrinn agus an tabhairt faoi deara ag an bhfile, buanna a thugann sé leis i gcónaí, go Seó an Earraigh, ar an mbus go Deilginis nó thart faoin mainistir. Gnáthrudaí a spreagann an fhilíocht de ghnáth ach pléitear ceisteanna níos deacra chomh maith, agus ar ndóigh ní bhíonn Dia rófhada ar shiúl aon uair ón té a d’fheicfeadh ‘an Scrioptúr ag pléascadh’ os a chomhair nuair a dhoirt sé tae ar scaraoid na mban rialta
This is the first collection from Brother Carroll. He writes about patriotism, love of language, humanity and the gift of poetry
Reviews
There are no reviews yet.