San Ochtapas Dubh
Alain Surget
Leabhar Breac 2103
ISBN 978-0-898332-82-7
Bratach na gCnámh 6
Muir Chairb, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach Captaen Roc. Tar éis an Mhuir Chairb a chuardach, tagann siad air faoi dheireadh agus, cé go bhfuil ríméad orthu teacht air, fágann sé ina dhiaidh iad ag obair i dtabhairne An Ochtapas Dubh. Ach tá an bheirt ag éirí tuirseach den síorobair agus glanadh agus ag faire ar an gcéad deis a thabharfadh chun farraige iad!
Sa tsraith nua úrscéalta seo do léitheoirí óga castar deartháir agus deirfiúr deich mbliana d’aois orainn, Benjamin agus Louise Bheag. Tar éis bhás a máthar, fágann an bheirt Páras agus téann siad sa tóir ar a n-athair. Cailín aerach í Louise Bheag. Is fearr léi an claíomh ná an tsnáthaid fhuála. Ní saighdiúir ar bith é Benjamin. Is mó suim atá aige siúd i leabhair agus i léarscáileanna mara.
Reviews
There are no reviews yet.