Thar an gClaí Teorann
Claire Dagger
Coiscéim 2004
Nuair a foilsíodh Damhsa na nDuilleog, an chéad chnuasach filíochta a tháinig ó láimh Claire Dagger, sa bhliain 2000, aithníodh úire ar leith ann. Ní lú ná san an nuaíocht mhisniúil a bhraithfear sa chnuasach seo uaithi. Déanann sí iniúchadh ina cuid filíochta ar an bhfírinne a cheiltear go minic taobh thiar den aghaidh fidil i saol daoine agus, dá réir sin, pléann sí leis na mórthéamaí uile: an ceiliúradh agus an chailliúint, an grá agus an tréigean. Guth ionraic dílis.
Another selection of poetry by Claire Dagger.
Garry Bannister –
Is cnuasach filíochta den scoth ‘Thar an gClaí Teorann’ le Claire Dagger. Rinne Claire éacht eile leis an dara bailiúchán seo dá cuid filíochta (c.f. Damhsa na nDuilleog bl. 2000). Éiríonn le Claire a doimhne machnaimh fhealsúnach a mheascadh go héifeachtach lena greann nádúrtha agus éadrom magúil. Tabhharfaidh an cnuasach seo spraoi agus sásamh dúinn idir achoimrí fileata gonta ar ábhair thraidisiúnta amhail: ‘Táin’
“ méabh bó
saint gharbh
ár mór
bás tarbh”
nó ar imeachtaí tragóideacha nua-aimseartha, amhail: ‘Chernobyl’
“ Chernobyl
tír úr
cith trom
nimhiú
scrios lom”
agus leis an fhorbairt chliste atá déanta aici ar chumarsáid leathfholaithe de theachtaireachtaí íocónacha códaithe a bhíonn i bhfocail áirithe choitianta laethúla, amhail an dath dearg mar shampla, in ‘Sraitheanna Dearga’
“… dáth an áir
deargár:
dath na fola
ar dheargánach:
dath an choirp
fheannta:
dath an dainséir
go huilíoch:
dath na hainmhéine
fuath is fearg: ….”
Teagmhaíonn téamaí an chnuasaigh seo líon mór gnéithe éagsúla dár saol coitinn. In ‘Deir sí liom’ déanann Claire tagairt don éagóir shóisialta a d’fhulaing mná na hÉireann sna seachtóidí, cuardaíonn sí fréamhacha folaithe an mhuintearais spioradálta i bhfoinsí miotasacha an bhéaloidis in ‘Anamchairde’ agus in ‘Uair na Cinniúna’ scrúdaíonn sí ‘uaisleacht’ agus ‘nádúr na brúide’ i slí phearsanta chumasach a mheabhraíonn ag an am céanna, ar bhealach fíneáilte géarchúiseach nach dtabharfaí faoi deara ach ar éigean, an miotas faoi Androcles agus an Leon, nó faoi na chéad Críostaithe-íobartaigh in airéiní na SeanRóimhe fadó agus iad ag fanacht le bás uafásach gránna i ngialla ainmhí allta éigin.
“B’fhearr liom seasamh –
taobh leis an leon. “
Is fiú an leabhar seo a cheannach agus más feidir ‘Damhsa na nDuilleog’ freisin mar ardóidh an dá cheann do mheanma agus coimeádfaidh cuid mhór de na dánta iontu ag smaoineamh thú i bhfad ina dhiaidh iad bheith léite agat.