Tae le Tae

6,50

Tae le Tae
Maidhc Dainín Ó Sé.
An chéad chló 1990
An Dara chló 2002
Coiscéim 2002

Úrscéal breá soléite atá anseo again. Bunaithe ar an saol mar a bhí i gCorca Dhuibhne i ndaicheadí na haoise seo caite, léirítear na tréithe is fearr ag an údar seo mar scríbhneoir cruthaíocht – tuiscint ar eachtraíocht, suil íogair do laigí agus aitis bheaga an daonnaí, cumas le focail a bhualadh go paiteanta, ach go neafaiseach mar a shamhlófaí, ar mheon agus ar imeachtaí na gcarachtar atá ag broic le cruálacht, agus dóchas, an tsaoil.

Another great story from Maidhc Dainín Ó Sé on life as he saw it during the 1940s.

Qty

Weight 0,226 kg

1 review for Tae le Tae

  1. Panu Petteri Höglund

    Tá an ceann seo ar an leabhar is fearr dár tháinig ó pheann Mhaidhc Dainín. Is é is ábhar dó ná grá faoin tuath san am ar ghnáth na cleamhnais a shocrú beag beann ar thoil na ndaoine óga féin a bhí le pósadh. Thairis sin, áfach, tugann an scríbhneoir cur síos taithneamhach ar shaol tuaithe na linne. Maidir leis an nGaeilge, cleachtann sé crua-chanúnachas den chineál nach bhfuil inghlactha i dteanga scríofa ach ar éigean (“go gcaith”, “go gcaitheadar” agus a leithéid, in áit “gur chaith” agus “gur chaitheadar”), agus uaireanta is féidir tionchar na mblianta fada a aithint a chaith sé thar sáile, ach ón taobh eile de, tá nádúrthacht agus líofacht dhúchasach ann a dhéanann maitheas don fhoghlaimeoir. Is féidir leis an léitheoir na carachtair a thuiscint agus taithneamh a thabhairt dóibh, agus tá cuid mhaith grinn ann freisin.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top