Sruth Teangacha / Stream of Tongues Le Dlúthdhiosca

15,00

Sruth Teangacha / Stream of Tongues Le Dlúthdhiosca
Gearóid Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnachta 2002
ISBN 1 902420 46 2

Tá síocháin chorrach tite ar thuaisceart na hÉireann, agus léi tá an neamhshuim tite athuair ar an chuid eile den tír ina leith. Dúisíonn leabhar filíochta dátheangach Ghearóid Mac Lochlainn Sruth Teangacha – Stream of Tongues ar bhuille boise sinn, ag cur ina luí orainn go beacht, soiléir an fhírinne lom a bhaineann leis an saol ó thuaidh in amanna.

As an uneasy peace settles on the North of Ireland, a familiar complacency also returns to settle on the inhabitants of the republic with regards to the fate of its northern neighbour. This bilingual poetry book Sruth Teangacha – Stream of Tongues will startle them abruptly for such complacency, presenting them with the grim reality which can be life in Northern Ireland

Qty

Sruth Teangacha / Stream of Tongues Le Dlúthdhiosca
Gearóid Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnachta 2002
ISBN 1 902420 46 2

Tá síocháin chorrach tite ar thuaisceart na hÉireann, agus léi tá an neamhshuim tite athuair ar an chuid eile den tír ina leith. Dúisíonn leabhar filíochta dátheangach Ghearóid Mac Lochlainn Sruth Teangacha – Stream of Tongues ar bhuille boise sinn, ag cur ina luí orainn go beacht, soiléir an fhírinne lom a bhaineann leis an saol ó thuaidh in amanna.

As an uneasy peace settles on the North of Ireland, a familiar complacency also returns to settle on the inhabitants of the republic with regards to the fate of its northern neighbour. This bilingual poetry book Sruth Teangacha – Stream of Tongues will startle them abruptly for such complacency, presenting them with the grim reality which can be life in Northern Ireland

Weight 0,305 kg

3 reviews for Sruth Teangacha / Stream of Tongues Le Dlúthdhiosca

  1. Garry Bannister

    Sruth Teangacha
    le Gearóid Mac Lochlainn

    Tá an oiread sin conaghreabhaide mar gheall an fhile óg Ultach seo go bhféadfaí argóint áititheach a dhéanamh gan aon stró nach gá le focail mhólta ná alt léirmheastóireachta eile a shníomh ar an chnuasach cinsealach ‘clannógach’ seo: ‘Sruth Teangacha’. Foilsíodh alt cuimsitheach leis an Dr Ríóna Ní Fhrighil in ‘Foinse’ le déanaí ar a shaothar agus d’fhéadfaí liosta an-fhada a chur le chéile de na gradaim iontacha agus de na duaiseanna móra atá buaite aige leis na blianta beaga anuas as feabhas a chuid filíochta.

    Ach tá cúis faoi leith ann gur fiú ‘Sruth Teangacha’ a léamh mar is léir gur imeacht nua i bhfilíocht na haonú céad fichead é. Ní mhaireann dánta an Lochlannaigh sna focail amháin mar a fheictear iad ar leathanach fuar an leabhair fein ná i gclisteacht a íomháineachais nó i rithimí traidisiúnta beoga a eascraíonn as a pheann ach, mar a mhíníonn an Dr Ní Fhrighil, san ‘idirspás’. Cruthaíonn an Lochlannach a chuid filíochta san ‘idirspás’ – is é sin idir an Ghaeilge agus an Béarla, idir an smaoineamh agus an gníomh, idir an dán agus lucht a éiste, idir comhthéacs cultúrtha na teachtaireachta agus comharthaí códaithe stairiúla shochaí an fhile, comharthaí a bhíonn go mion minic faoi cheilt ‘idir na línte’ nó ‘idir ráitis fhrithchosúlachta’ ach i gcónaí idir an dá thrá ealaíne ar a bhfreastalaíonn lucht cumtha saothar ealaíne sa Ghaeilge ó thús na hathbheochana san fhichiú haois i leith.

    Idir dhá chladach
    Atáid na héisc uaim,
    Idir dhá chleacht
    Mo dheis a chaill.

    ‘Mo Cheirdse’ Máirtín Ó Direáin

    Ach má bhí imní ar Mháirtín Ó Díreáin go gcaillfí é féin ‘idir dhá chladach’ nó ‘idir dhá chleacht’, ceiliúrann an Lochlannach an t-idirspás úd ina gcruthaíonn sé cruinne nua iomlán. Ní cruinne í áfach atá ‘teibí’ nó stoite amach ón réaltacht pholaitiúil nó ón saol réalaíoch ábhartha a bhíonn ina thimpeall air ach cruinne chiclipéideach ‘chathaiseach’ ina bhfuil an file neadaithe go daingean – mar chuid dílis dá phobal féin – réidh chun troda, dearfa dian agus beo chun beatha. Mar fhianaise ar sin aireoidh an léitheoir airdeallach go bhfuil an dealramh ar dhánta áirithe sa chnuasach seo go mbíonn saghas comhrá bheo de shíor ar siúl idir an file agus a lucht éisteachta. Faightear ó theideal féin an leabhair leid áirithe faoin ghluaiseacht shíoraí neamhbhuan úd a chothaíonn talamh an ‘idirspáis’ dá ealaín: ‘Sruthanna Teanga’. Tuigtear don fhile nach féidir dán ar bith dá chuid a athbheochan as “marcanna dúigh dhuibh ar phár” amháin. Sin ceann de na cúiseanna b’fhéidir go dtugtar CD leis an leabhar seo mar is in aithris na ndánta a dtuigimid an chuid is bríomhaire den chiall bheo cabhánach a bhaineann lena fhilíocht go léir.

    Maidir leis an ‘idirspás’ idir an Ghaeilge agus an Béarla, feictear go soiléir sa chnuasach álainn seo nach droichead simplí é an t-aistriúchán idir an dá theanga ná idir an dá chultúr:

    Ní aistriúcháin a chloisfidh sibh anocht, a chairde,
    mé aistrithe, athraithe is caolaithe
    le huisce aeraithe an Bhéarla,
    a dhéanfadh líomanáid shúilíneach
    d’fhíon dearg mo chuid filíochta.

    Tonight, my friends, there will be no translations,
    nothing trans-lated, altered, diluted
    with hub-bubbly English
    that turns the ferment of poems
    to lemonade.
    lch. 62

    Ach is amhlaidh nach mbíonn ardmheas ag an Lochlannach orthu siúd a chreideann gur féidir an droichead sin a thógáil:

    – It sounds lovely. I wish I had the Irish.
    Don’t you do translations?

    Iad ag stánadh orm go mórshúileach
    mar a stánfadh ar éan corr a chuireann
    míchompord de chineál orthu.

    There they are, gawping at me, wide-eyed,
    like I’m some kind of odd-ball, just rolled out from lingo-land
    making them all uneasy.

    lch. 63

    Mar a léiríonn an dán seo mar aon lena lán dánta eile sa chnuasach (i. Wolf, Teanga Eile, Breith, Paddy, Oíche Shathairn sa Chathair, etc..), ní bhíonn san aistriúchán ach gléas liteartha eile i lámha an Lochlannaigh chun an caidreamh siombóiseach idir an dá theanga a mhúnlú d’fhonn go bhfeadfadh sé ‘overflow….and leak throughout’ idir na dánta sa leabhar seo.

    Is fiú go mór é cinnte an leabhar a cheannach agus aon cheann eile a bheadh ar fáil ag an fhile céanna agus arbh fhéidir leat do lámha a chur air. Ach is fearr fós freastal ar cheardlann fhilíochta dá chuid nó ag ócáid phoiblí ar bith ina mbeadh Mac Lochlainn ag aithris a chuid dánta féin. Geallaim duit gur eispéireas gan insint béil a bheidh ann agus seó nach ndéanfaidh tú dearmad choíche air!

  2. jennifer cunningham (verified owner)

    horrible. bought it as a resource to learn irish but the pretentious poetry and disturbing cd performance sent it straight to the bin

  3. Sarah McKibben

    A great edition of poetry from an exciting young poet from Belfast termed “the real McCoy” by none other than Nuala Ní Dhomhnaill. Terrific and witty CD to go along with it. Wonderful resource for teaching fresh new voices in Irish!

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top