Sráidainmneacha na hÉireann
Breandán S. Mac Aodha
ISBN 185791239X
An Gúm 1998
Is i gceantair uirbeacha atá an mhórchuid de phobal an domhain ina gcónaí anois agus ní eisceacht i Éire. Meastar go bhfuil breis agus leath de mhuintir na tíre ina gcónaí sna bailte.
Tá stair fhada ag roinnt le cuid de na sráidainmneacha in Éirinn ach is beag taighde a rinneadh orthu go dtí seo.
Tá tús curtha ar an obair anois sa chnuasach seo aistí a chuir Breandán S. Mac Aodha in eagar. Is maith mar atá an seanchas áitiúil agus an staidéar acadúil ag teacht le chéile sa leabhar seo. Cuireann údair na n-aistí buneolas ar fáil i dtaobh sráidainmneacha bailte ar leith – Baile Átha Cliath, Loch Garman agus Gaillimh ina measc – agus pléann siad gnéithe de na córais rangaithe is gá a leagan amach le staidéar rianúil a dhéanamh ar genre na sráidainmneacha.
Reviews
There are no reviews yet.