Luascadán

5.00

Luascadán
Rónán Ó Snodaigh
Coiscéim 2003

Ag bualadh ceoil agus ag amhránaíocht leis an ngrúpa cáiliúil Kíla a bhíonn an file seo anois. Tá roinnt de dhánta an leabhair seo le cloisteáil ar dhlúthcheirníní an ghrúpa Tóg é go Bog é, Lemonade and Buns agus Luna Park.

The author of this collection of poetry is at present instrumentalist and singer with the well-known group Kíla. Some of the poems can be heard on their CDs – Tóg é go Bog é, Lemonade and Buns and Luna Park.

Qty

Weight 500 g

1 review for Luascadán

  1. Garry Bannister

    Buaileann rithimí rap le tadghdanna tarraingteacha an cheoil thraidisiúnta sa chnuasach gearr seo de liricí amhráin. Mothaítear fosta an greann is ‘teanga sa phluc’ ag an údar tríd síos. Amhail scríbhinní a athar, bíonn acmhainn bhreá grinn ag Rónán Ó Snodaigh agus éiríonn leis véarsaíocht éadrom chroíúil a chur os ár gcomhair in ‘Luascadán’.

    Ná bí ag feitheamh, áfach, le doimhne mothúcháin ná le léargas laideanta na lándúiseachta…ná fiú le meadarachtaí cruinne leáshéalaithe i rialacha daingne an Amhrain Tíre… mar ní bheidh a leithéid ná a macasamhail le fáil agat ar leathanaigh an leabhráin bhig seo. Ach má thagann tú gan saoithíntacht ar bith ná le héirí in airde i do chroí is cinnte go mbaifidh tú taitneamh suntasach agus spórt mór as an fhoilseachán seo.

    An t-aon locht amháin a fhaighimse ar an leabhar ná gur soiléir ón chéad chúpla líne den chéad phíosa atá á thairiscint go mbíonn na liricí seo go léir, de réir dealraimh, neadaithe i gceol bríomhar anaithnid éigin agus níl aon amhras ormsa ach go méadófaí go mór ar ár dtaitneamh dá mbeadh an ceol sin ar eolas againne cheana féin.

    Beidh uair nó dhó den chraic, cheol, agus gháire ag an té a cheannóidh an leabhar seo.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top