Litríocht na Gaeilge ar Fud an Domhain: Imleabhar 1

20,00

Cruthú, Caomhnú agus Athbheochain

Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin agus Regina Uí Chollatáin : Eagarthóirí

Leabhar Comhair 2016

ISBN 9780992731335

Lth/Pgs 314

Ó breacadh an dán ‘Messe ocus Pangur Bán’ sa naoú haois i lámhscríbhinn atá anois i mainistir Naomh Pól in Unterdrauberg  i  Carinthia  (Kärnten,  i  ndeisceart  na  hOstaire),  tá  gnéithe  de  litríocht  na  Gaeilge  á  saothrú  i gcomhthéacsanna éagsúla taobh amuigh d’oileán na hÉireann. Cad é an gaol idir scéalta taistil agus imirce na nGael  agus  cumadh,  caomhnú  agus  seachadadh  an  léinn  agus  na  litríochta  ag  tréimhsí  éagsúla  i  stair chultúrtha na tíre? Cad iad na meáin agus na próisis chultúrtha a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs  diaspórach?  Cad  iad  na  seánraí  nua  a  tháinig  chun  cinn  agus  cén  ról  a  bhí  ag  pobail  agus  ag gréasáin thrasnáisiúnta  i  bhforbairt  na  litríochta  in  Éirinn  féin?  Cé  chomh  tábhachtach  is  atá  an toise idirnáisiúnta  do  shaothrú  an  léinn  agus  na  litríochta  sa  Ghaeilge  sa  lá  atá  inniu  ann?  Cad  é  ról  na teicneolaíochta  digití  i  gcothú  scríbhneoireacht,  léitheoireacht  agus  scoláireacht  na Gaeilge  i  gcomhthéacs domhanda?

Tá 26 aiste sa dá imleabhar seo, scríofa ag scoláirí aitheanta agus ag scoláirí nua na Gaeilge, a théann i ngleic le ceisteanna agus comhthéacsanna idirnáisiúnta na Gaeilge le míle bliain anuas. Cuireann an dá imleabhar bonn nua faoin taighde sa ghort bisiúil ilghnéitheach seo.

Qty

Weight 0,800 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Litríocht na Gaeilge ar Fud an Domhain: Imleabhar 1”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top