Baill Seirce

5,00

Baill Seirce
Colette Nic Aodha
Coiscéim 1998

An chéad chnuasach filíochta ó Cholette Nic Aodha in bhfuil breise agus dhá scór dán. Ar an téamaí atá le sonrú sna dánta tá an grá, an ghoilliúnacht, an tsaoire agus an géibheann agus go háirithe so-ghontacht na mban.

A compendium of poems by Galway poet Colette Nic Aodha with acute feminine sensitivity..

Qty

Baill Seirce
Colette Nic Aodha
Coiscéim 1998

An chéad chnuasach filíochta ó Cholette Nic Aodha in bhfuil breise agus dhá scór dán. Ar an téamaí atá le sonrú sna dánta tá an grá, an ghoilliúnacht, an tsaoire agus an géibheann agus go háirithe so-ghontacht na mban.

A compendium of poems by Galway poet Colette Nic Aodha with acute feminine sensitivity..

Weight 0,150 kg

1 review for Baill Seirce

  1. Garry Bannister

    File an-tábhachtach do lucht léite filíochta nua-aimseartha na Gaeilge is ea Colette Nic Aodha. Bíonn fairsinge de théamaí uilíocha á léiriú aici ina cuid dánta agus amhail Ó Leocháin, bíonn úire, gontacht agus draíocht neamhchoitianta ag baint lena friotal fileata fiáin. Éiríonn le Nic Aodha áilleacht a heispearais phearsanta a tharraingt dúinne le leathfhocal nó le leid bheag as a n-athchruthaíonn sí cruinne nua aoibhinn lán den íomháineachas cumasach.

    Is é bua breá builleach an fhile seo gur féidir léi an léitheoir a mhealladh gan aon dua ar bhóthar mothaitheach go doimhne dhiamhair a hanama inmheánaigh chuig iontais a tuisceana fileata, agus an fhírinne phearsanta a nochtadh i dteanga shimplí shothuighte gan aon cur i gcéill.

    Tá cnuasach eile dá dánta ‘Faoi Chrann Cnó Capaill’ (2000, Coiscéim) agus chonacthas le déanaí an teideal-dán aistrithe go Béarla ag Geofrey Sheil:

    A blanket of honeysuckle,
    Under the magic of green branches,
    Saturated with the summer’s sweetness,
    Glowing with Gold.
    Leaves falling to the ground,
    Discarded on the stones,
    hiding the footpath;
    With a scent that would
    Enrapture a saint.

    Under the chestnut tree,
    I hear an echo of ages.
    In my school days
    Coming home,
    I tasted the beauty of the country
    In the smell of the honeysuckle,
    And in the centre of the flowers
    That lit my path home.

    Mura bhfuil cnuasach ar bith de dhánta an fhile chumasaigh, threithiúil seo faoi láimh agat ar do sheilf leabhar, ba chóir go mbeadh!

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top