Ashling Glass
Seán Ó Siadhail
Coiscéim 1984
Lá breá Meithimh, ar an M1 as Béal Feirste, is tá bean chuidsúlach darb ainm Ashling Glass .i. Aisling Nic Congloinne .i. A. de Laverre, ag síobaireacht go Corcaigh. Bleachtaire a thugann go Baile Átha Cliath í. Sagart go Cill Chainnigh. Ar veain lán sólaistí a bhaineann sí Corcaigh amach. Ní fios cá dtéann sí i dtír ina dhiaidh sin. Ach nach cuma? An leannán a d’fhág sí ina diaidh a insíonn a scéal dúinn. Ón bhleachtaire a chuala seisean é, diomaite den chorrshonra a chaith se a thochailt as a mheanma féin.
Deir sé gur chuma cár ghabh sí. Deir sé go bhféadfadh sé deireadh a insint dúinn, ach nach ndéanfaidh. Deir sé nach fiú an dua é an saol a fheiceáil trí shúile duine nach tú. An féidir gur fíor do a ndeir sé?
Reviews
There are no reviews yet.