Isaac Asimov
Panu Petteri Hoglund a d’aistrigh
Mathew Staunton a mhaisigh
Evertype 2014
ISBN 9781782010807
Lth/Pgs 277
Áirítear Isaac Asimov, an “Dea-Dhochtúir”, ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe.
Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta – an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta.
Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge.
Reviews
There are no reviews yet.