500 Beannacht

6,00

500 Beannacht
Breandán ‘ac Gearailt. 2003
Coiscéim

ISBN 6660012090044

Tá beannacht do gach ócáid anseo agat. Beidh do chairde agus do lucht aithenatais buíoch díot, agus mar bharr ar sin beidh fuadar fuaim-intúil le chaint.

One can curse in Irish in devastating fashion without being rude or crude, but one can also wish one’s friends and acquaintances well with an unparalleled elegance and economy of words. Reading this book should give you an inner peace. You will have a blessing for all occasions. Not only will your Irish improve, but also you will be able to convey your new benevolence with style and panache. ‘A chonách san ort’ (482)

Qty

Weight ,135 kg

1 review for 500 Beannacht

  1. Garry Bannister

    Rinne Breandán \’ac Gearailt éacht eile le foilsiú 500 Beannacht. Tá idir ábhar suime agus acmhainn ghrinn sa leabhrán beag seo.

    Tugtar thíos sampla nó dhó de na téamaí suimiúla atá clúdaithe ag an údar sa saothar fiúntach seo:

    (1) Togha agus Rogha
    (2) Rath agus Ádh
    (3) Cabhair, Cairde, Fáilte is Grá
    (4) Dea-Thréithe agus Meas
    (5) Éirim agus Ciall
    (6) Bás
    (7) Sláinte
    (8) Nuachar
    (9) Clann
    (10) Taisteal
    etc…

    Is féidir gaois thraidisiúnta phobail labhartha na Gaeilge a thabhairt faoi deara i roinnt mhaith de na nathanna atá roghnaithe ag \’ac Gearailt, mar shampla:

    \”Múchadh feirge id fhreagra.\” – May your gentle answers turn away wrath.

    \”Nár thugair taobh le fear feile.\” – May you not put your trust in a spiteful man.

    \”Bliain leat is gan bliain id choinne.\” – May you have a good year and no bad year.

    Ach tá an greann go flúirseach forleathan ann freisin:

    \”Fuath tí nár chuirtear ort féin, ná ar do mhadra.\” – May neither yourself nor your dog be kept out of your home.

    \”Nár phósair tóin le gríosaigh ná spreas, ach seibineach groí den siartach cheart.\” – May you not marry a fireside waffler or drawler, but a strong man of true stock..

    Tá beannachtaí ilchineálacha le haghaidh ócáide ar bith le fail sa stór saibhir seo. Beannachtaí i gcomhair bainise, breithlae, féilte oifigiúla na bliana, fiú beannachtaí tar éis sraoth, i rith an dara sraoth nó le linn an tríú sraoth!!

    Seachas foinse eolaí thábhachtaugh, Is mór an chraic an leabhar seo agus ba chóir go mbeadh, ar a laghad, cóip amháin de ar sheilfeanna tagartha leabharlann i scoileanna agus institiúidí léinn na hÉireann.

    Agus má bhíonn sé de nó agat an \’ cúpla focal\’ a chaitheamh isteach ó am go chéile nuair a bhíonn tú i mbun óráide nó ag caint i gcomhluadar carad, níl dabht ar bith ach go mba chóir an cnuasach úsáideach seo bheith faoi láimh agat.

    Agus má thaitníonn ábhar an leabhair seo leat, ná déan dearmad go bhfuil an taobh eile den scéal tugtha dúinne ag an údar céanna in \’500 Mallacht\’!

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top