Tralaí

Siopa leabhar buaite gradam ar líne é Litríocht.com le speisialtacht i leabhair a gcuirtear i gcló trí mheán na Gaeilge.

Is é príomhaidhm Litríocht, atá lonnaithe i gContae Chorcaí, ná saibhreas iontach na leabhar Gaeilge a chur ar fáil do gach éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá sé mar aidhm ag an gcomhlacht chomh maith cuid de na leabhair seo a choimeád i gcló trí iad a chur ar fáil don mhargadh domhanda níos leithne.

Tá orduithe ag Litríocht ó chustaiméirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, an tSín, agus ar fud an Aontais Eorpaigh. Fuair Litríocht litir bhuíochais ó Leabharlann Chomhdhála na Stát Aontaithe don obair atá déanta i dtaca le catalógú leabhar Gaeilge.

Barr