reloader
Litriocht
Catagóirí / Categories
Golden Spiders 2008
PricePrice

 €12.00 

Cuir isteach sa ChairtAdd to Cart 5223
Cuir sa MhianliostaAdd To Wishlist LéirmheasannaReviews FógraíNotifications

Ciarán Ó Fátharta Amhráin Bog / Paperback

Ciarán Ó Fátharta Amhráin
Síle Denvir
ISBN 9781905560240
Cló Iar-Chonnachta 2008

Lgh. 127

Bailiúchán d'amhráin Chiaráin Uí Fhátharta atá anseo, 31 amhrán san iomlán chomh maith le hagallamh beirte amháin. Tá na hamhráin seo beo i mbéal an phobail le fada agus iad le cloisteáil go minic ar an raidió, á gcasadh ag ceoltóirí éagsúla, leithéidí John Beag Ó Flatharta, Beairtle Ó Domhnaill, Cillín, Duirling agus Ann Marie Nic Dhonncha, ach is é seo an chéad uair a bhfuil fáil ar leagan an scríbhneora de na hamhráin uilig in aon chnuasach amháin. Is in ochtóidí an chéid seo caite a tháinig borradh faoi na hamhráin nuachumtha den chinéal seo i gConamara den chéad uair agus thug siad ardú croí agus meanman do chách tráth a raibh eacnamaíocht na tíre i ndroch-chaoi. Déanann siad ceiliúradh ar thraidisiúin, ar phearsana agus ar imeachtaí áitiúla agus náisiúnta, mar shampla, traidisiún na badóireachta i gConamara, an dornálaí Seán Ó Mainnín agus drochstaid na mbóithre. Is meascán den stíl cheol tíre agus den stíl sean-nóis atá sna hamhráin seo, stíl a dtugtar Gaelcheol tíre air, atá an-láidir i gConamara go fóill.

Ciarán Ó Fátharta - Amhráin is a collection of 31 of Ciarán Ó Fátharta's songs as well as one agallamh beirte. The songs are generally well known in Connemara and are performed by many local artists and groups including John Beag Ó Flatharta, Beairtle Ó Domhnaill, Cillín, Duirling and Ann Marie Nic Dhonncha, but this is the first time that the definitive versions of the songs have been published. Ó Fátharta writes in a particular style that came to the fore during the eighties when the Irish economy was in the doldrums, unemployment was high and the community was badly in need of a morale boost. The songs celebrate events of both local and national interest such as the sailing tradition in Connemara, boxing hero Seán Ó Mainnín and the state of the roads and are sung in a style particular to Connemara, influenced by both the country and western and the sean-nós styles.

Bookmark and Share


Cuireadh an t-earra seo lenár gcatalóg ar an Luan 12 Bealtaine, 2008
This product was added to our catalog on Monday 12 May, 2008.

Convert this price to US Dollars or Pounds Sterling

Please note currency conversions are provided by XE.COM and should
only be used as a guide. Your Bank may charge you a different price.