reloader
Litriocht
Catagóirí / Categories
Golden Spiders 2008
PricePrice

 €49.78 

Cuir isteach sa ChairtAdd to Cart 4169
Cuir sa MhianliostaAdd To Wishlist LéirmheasannaReviews FógraíNotifications

Ceart: Irish Language Grammar Checker do Mac OS X CD

Ceart
Gramadóir Gaeilge do Mac OS X
Irish Language grammar checker for Mac OS X
Bunriachtanais Córais – Minimum system requirements
Apple Macintosh Power PC G4
MAC OS X 10.3.9+
Cruinneog 2006

Is pacáiste bogearraí saorsheasaimh, cumhachtach é Ceart a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú na Gaeilge a cheartú. Tá sé dírithe go háirithe ar aistritheoirí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus is áis shofaisticiúil é chomh maith do mhic léinn, d'fhoghlaimeoirí, do státseirbhísigh agus do lucht na meán.

Tá bailiúchán de fhrásaí a úsáidtear go coitianta lárnach don phacáiste agus cuireann sé seo ar chumas an úsáideora téacsanna a chaighdeánú go tapaidh. Cuireann na gnéithe gramadaí agus litrithe le leibhéal na táirgíochta trí fhocail agus trí fhrásaí a d'fhéadfaí a cheartú a aibhsiú go tapaidh. Tá leagan de Ceart d'úsáideoirí ríomhairí Apple Mac Os X ar fáil anois agus tá leagan Windows á fhorbairt faoi láthair chomh maith. B'é sainsprioc an tionscnaimh ná go mbeadh sé furasta Ceart a úsáid.

Tá an comhéadan deartha ag Cruinneog sa tslí is gur féidir téacs ó fheidhmchlár ar bith 'a chóipeáil agus a ghreamú isteach' i bhfuinneog de chuid Ceart.
Déantar seicéail gramadaí agus litrithe ansin, ag baint úsáide as inneall cumhachtach gramadaí a d'fhorbair Kevin Scannell. Aithníonn an leagan is déanaí den inneall seo 360,000 focal agus 1,500 riail gramadaí. Cinntíonn an cur chuige saorsheasaimh seo go n-oibreoidh Ceart taobh le réimse leathan pacáistí bogearraí - idir Microsoft Office agus cláracha ríomhphoist.

Aithníonn an t-inneall gramadaí sleachta a bhfuil an chuma orthu go bhfuil botúin iontu agus cuireann sraith fuinneog eolais é sin ar shúile an úsáideora. Déantar na frásaí agus na focail a bhfuil amhras fúthu a aibhsiú agus baintear feidhm as teachtaireacht ghairid chun cur síos achomair a dhéanamh ar an bhfadhb.

Ceart is a powerful, standalone software package designed to help correct grammar and spelling in the Irish language. Aimed mainly at translators working with Irish, this package is also a sophisticated tool for students, learners, civil servants and media professionals.
A built-in collection of commonly used phrases enables translators to quickly standardise texts, and the grammar and spell-checking features boost productivity by rapidly highlighting words and phrases that might need to be corrected.

A version of Ceart for Apple Mac OS X computer users is now available - and a Windows version is in development.

Ease of use has been a key goal of the Ceart project, and its user interface has been designed by Cruinneog so that text from any other software application can simply be "copy and pasted" into the Ceart window. Grammar and spell checking is then carried out by a powerful grammar engine developed by Kevin Scannell. The latest version of this engine recognizes over 360,000 words and 1500 grammatical rules. The standalone approach ensures that Ceart will work side by side with a wide variety of software packages – from Microsoft Office applications to e-mail programs

Passages of the text which appear to be incorrect are identified by the grammar engine and this information is shown to the user in a series of informative windows. The phrases or words which are suspect are highlighted and a concise message summarises the problem.

Bookmark and Share


Cuireadh an t-earra seo lenár gcatalóg ar an Aoine 07 Iúil, 2006
This product was added to our catalog on Friday 07 July, 2006.